Saturday, March 31, 2001
Faoi leatrom
The Iranian government has stepped up its persecution of the Baha'i,
writes Vivien Hick
Idir Meán Fómhair agus Deireadh Fómhair seo caite rinne
feidhmeannaigh shlándála de chuid na hIaráine creach ar
532 teach agus oifig a bhain le creidmhigh Bahá'í ar fud na
tíre.
Gabhadh 36 léachtóir agus os cionn 17,000 leabhar ollscoile
chomh maith le ríomhairí, gléasra saotharlainne,
cláir ollscoile agus earraí príomháideacha.
Níor choirpigh ná réabhlóidithe iad na daoine a
gabhadh ach léachtóirí fiaclóireachta,
innealtóireachta, dlí, cuntasaíochta. Chaill a
bhformhór a bpoist ollscoile tar éis na réabhlóide
Ioslamaí.
Ní raibh anseo ach an tionsaí is déanaí ar an
mionlach creidimh seo. Iarracht a bhí ann críoch a chur le
hollscoil rúnda tríd an bpost a bhunaigh an pobal i 1987. Chuir
rialtas na hIaráine cosc ar an phobal Bahá'í freastal ar
ollscoileanna i 1980.
Ó shin i leith rinne na húdaráis sáriarracht
saol intleachtúil agus cultúrtha an phobail sin a scrios.
I 1991 nocht ionadaí speisialta na Náisiún
Aontaithe ar chearta daonna, Reynaldo Galindo Pohl, go poiblí
meamram rúnda a bhí scríofa ag an gComhairle
Chultúrtha Réabhlóideach Ceannais.
Bhí an meamram sínithe ag an ardrialóir, Ali
Khamenei. Moladh ann bealaí leis an bpobal Bahá'í a
scrios: oideachas Moslamach a bhrú ar pháistí
Bahá'í, tabhairt ar dhaoine fásta mion phoist a
ghlacadh agus cosc a chur ar an aos óg oideachas
tríú leibhéal a fháil.
Mar fhreagra air seo, thosaigh an pobal Bahá'í 'ollscoil'
dheonach dá gcuid féin, ar ar thugadar Institiúid
Ard-Léinn na mBahá'í. Chuir an ollscoil
cúrsaí ar fáil tríd an bpost, ar chostas
fótachóipeála, dá gcuid aosánach.
Thosaigh an institiúid ar leibhéal beag ach d'fhás
sí go dtí go raibh os cionn 900 mac léinn
cláraithe.
Deich nábhar a clúdaíodh: ceimic fheidhmeach, bith
eolaíocht, fiaclóireacht, cógas eolaíocht,
dlí, litríocht, cuntasóireacht, innealtóireacht
shibhialta, eolaíocht ríomhaireachta agus
síceolaíocht.
Taobh istigh de na bunábhair seo bhí an ollscoil in ann
níos mó ná 200 cúrsa difriúil a
reáchtáil.
De bhrí nach raibh na léachtóirí in ann
léachtaí a thabhairt go poiblí scríobh siad
nótaí agus téacsleabhair. Rinneadh iad seo a
fhótachóipeáil agus a scaipeadh trína
gcóras seachadta féin.
I dtús ama, ba ghnách leis na mic léinn a gcuid
obair bhaile a chur tríd an bpost poiblí. Ba mhinic a
"chailltí" iad. Chomh maith leis na ceachtanna seo bhí
suas le 45 leabharlann bheag scaipthe ar fud na tíre i dtithe
príobháideacha.
Le haghaidh obair saotharlainne, thagadh na mic léinn agus na
léachtóirí le chéile os íseal i
saotharlanna a bhí bunaithe in oifigí agus i dtithe
príobháideacha.
Cé gur bunaíodh an ollscoil seo faoi rún ní
raibh sí i gcoinne dlí ar bith agus bhí a fhios ag
na húdaráis fúithi ó 1990 i leith. I 1992
rinne fórsaí slándála na hIaráine
ruaig ar shuíomh na hollscoile. Ghlac siad seilbh ar thaifid agus
ar ghléasra.
Ach níor dhruid siad an ollscoil. Is é an rud is
aistí faoin scéal gur díreach anois atá siad
á dúnadh tar éis don uachtarán Mohammed
Khatami ré níos liobrálaí a mholadh.
B'fhéidir go bhfuil lucht leanúna an Ayatollah Ali
Khamenei (atá i gceannas ar na fórsaí
slándála) ag iarraidh dul i gcoinne Khatami.
Is iad na Bahá'í an mionlach neamhMhoslamach is mó
atá san Iaráin. Tá tuairim is 300,000 creidmheach
i gceist. I measc phrionsabail na beatha atá acu tá:
comhionannas cearta agus deiseanna ag fir agus ag mná agus
oideachas bheith ar fáil ag cách. Tá an pobal seo
faoi leatrom ag rialtas na hIaráine le fada an lá.
Ó bhí 1980 ann cuireadh os cionn 200 duine chun
báis ar son a gcreidimh agus cuireadh na mílte duine sa
phríosún.
Is é Ruholladh Rowhani, díoltóir earraí
leighis, a crochadh i mí Iúil 1998, an duine is
déanaí a maraíodh. Cuireadh ina leith gur
thiontaigh sé Moslamach ina Bhahá'í. Tá
beirt eile daortha chun báis.
Le 20 bliain anuas, glacadh seilbh ar reiligeacha an phobail agus
rinneadh iad a thruailliú. Gabhadh tithe agus earraí.
Níor tugadh aitheantas oifigiúil do phóstaí
Bahá'í.
Tá rialtas na hIaráine ar na tíortha a ghlac leis
an Chúnant Idirnáisiúnta um Chearta
Eacnamaíochta, Sóisialta agus Cultúrtha.
Fógraítear ann go bhfuil cearta oideachais do gach duine
agus - níos tábhachtaí - go gcuirfear ard-oideachas
ar fáil, trí gach modh oiriúnach, do gach duine a
bhfuil sé de chumas ann leas a bhaint as.
Téann an cosc atá curtha ag rialtas na hIaráine ar
oideachas tríú leibhéal don phobal
Bahá'í glan in aghaidh an chúnaint seo.
©Copyright The Irish Times
|