Bahá'í Library Online
.. . .
.
Back to Newspaper articles archive: 2001


The Iranian government has stepped up its persecution of the Baha'i, writes Vivien Hick

Idir Meán Fómhair agus Deireadh Fómhair seo caite rinne feidhmeannaigh shlándála de chuid na hIaráine creach ar 532 teach agus oifig a bhain le creidmhigh Bahá'í ar fud na tíre.

Gabhadh 36 léachtóir agus os cionn 17,000 leabhar ollscoile chomh maith le ríomhairí, gléasra saotharlainne, cláir ollscoile agus earraí príomháideacha.

Níor choirpigh ná réabhlóidithe iad na daoine a gabhadh ach léachtóirí fiaclóireachta, innealtóireachta, dlí, cuntasaíochta. Chaill a bhformhór a bpoist ollscoile tar éis na réabhlóide Ioslamaí.

Ní raibh anseo ach an tionsaí is déanaí ar an mionlach creidimh seo. Iarracht a bhí ann críoch a chur le hollscoil rúnda tríd an bpost a bhunaigh an pobal i 1987. Chuir rialtas na hIaráine cosc ar an phobal Bahá'í freastal ar ollscoileanna i 1980.

Ó shin i leith rinne na húdaráis sáriarracht saol intleachtúil agus cultúrtha an phobail sin a scrios. I 1991 nocht ionadaí speisialta na Náisiún Aontaithe ar chearta daonna, Reynaldo Galindo Pohl, go poiblí meamram rúnda a bhí scríofa ag an gComhairle Chultúrtha Réabhlóideach Ceannais.

Bhí an meamram sínithe ag an ardrialóir, Ali Khamenei. Moladh ann bealaí leis an bpobal Bahá'í a scrios: oideachas Moslamach a bhrú ar pháistí Bahá'í, tabhairt ar dhaoine fásta mion phoist a ghlacadh agus cosc a chur ar an aos óg oideachas tríú leibhéal a fháil.

Mar fhreagra air seo, thosaigh an pobal Bahá'í 'ollscoil' dheonach dá gcuid féin, ar ar thugadar Institiúid Ard-Léinn na mBahá'í. Chuir an ollscoil cúrsaí ar fáil tríd an bpost, ar chostas fótachóipeála, dá gcuid aosánach. Thosaigh an institiúid ar leibhéal beag ach d'fhás sí go dtí go raibh os cionn 900 mac léinn cláraithe.

Deich nábhar a clúdaíodh: ceimic fheidhmeach, bith eolaíocht, fiaclóireacht, cógas eolaíocht, dlí, litríocht, cuntasóireacht, innealtóireacht shibhialta, eolaíocht ríomhaireachta agus síceolaíocht.

Taobh istigh de na bunábhair seo bhí an ollscoil in ann níos mó ná 200 cúrsa difriúil a reáchtáil.

De bhrí nach raibh na léachtóirí in ann léachtaí a thabhairt go poiblí scríobh siad nótaí agus téacsleabhair. Rinneadh iad seo a fhótachóipeáil agus a scaipeadh trína gcóras seachadta féin.

I dtús ama, ba ghnách leis na mic léinn a gcuid obair bhaile a chur tríd an bpost poiblí. Ba mhinic a "chailltí" iad. Chomh maith leis na ceachtanna seo bhí suas le 45 leabharlann bheag scaipthe ar fud na tíre i dtithe príobháideacha.

Le haghaidh obair saotharlainne, thagadh na mic léinn agus na léachtóirí le chéile os íseal i saotharlanna a bhí bunaithe in oifigí agus i dtithe príobháideacha.

Cé gur bunaíodh an ollscoil seo faoi rún ní raibh sí i gcoinne dlí ar bith agus bhí a fhios ag na húdaráis fúithi ó 1990 i leith. I 1992 rinne fórsaí slándála na hIaráine ruaig ar shuíomh na hollscoile. Ghlac siad seilbh ar thaifid agus ar ghléasra.

Ach níor dhruid siad an ollscoil. Is é an rud is aistí faoin scéal gur díreach anois atá siad á dúnadh tar éis don uachtarán Mohammed Khatami ré níos liobrálaí a mholadh.

B'fhéidir go bhfuil lucht leanúna an Ayatollah Ali Khamenei (atá i gceannas ar na fórsaí slándála) ag iarraidh dul i gcoinne Khatami.

Is iad na Bahá'í an mionlach neamhMhoslamach is mó atá san Iaráin. Tá tuairim is 300,000 creidmheach i gceist. I measc phrionsabail na beatha atá acu tá: comhionannas cearta agus deiseanna ag fir agus ag mná agus oideachas bheith ar fáil ag cách. Tá an pobal seo faoi leatrom ag rialtas na hIaráine le fada an lá. Ó bhí 1980 ann cuireadh os cionn 200 duine chun báis ar son a gcreidimh agus cuireadh na mílte duine sa phríosún.

Is é Ruholladh Rowhani, díoltóir earraí leighis, a crochadh i mí Iúil 1998, an duine is déanaí a maraíodh. Cuireadh ina leith gur thiontaigh sé Moslamach ina Bhahá'í. Tá beirt eile daortha chun báis.

Le 20 bliain anuas, glacadh seilbh ar reiligeacha an phobail agus rinneadh iad a thruailliú. Gabhadh tithe agus earraí. Níor tugadh aitheantas oifigiúil do phóstaí Bahá'í.

Tá rialtas na hIaráine ar na tíortha a ghlac leis an Chúnant Idirnáisiúnta um Chearta Eacnamaíochta, Sóisialta agus Cultúrtha. Fógraítear ann go bhfuil cearta oideachais do gach duine agus - níos tábhachtaí - go gcuirfear ard-oideachas ar fáil, trí gach modh oiriúnach, do gach duine a bhfuil sé de chumas ann leas a bhaint as.

Téann an cosc atá curtha ag rialtas na hIaráine ar oideachas tríú leibhéal don phobal Bahá'í glan in aghaidh an chúnaint seo.


©Copyright 2001, The Irish Times

.
. .